Nice

To view more images of the L.E. Macha in Nice click on the photograph
Aicmí Cabhlaigh agus Mionoifigigh an L.É. Macha ag teacht le chéile lasmuigh de Shéipéal i ndiaidh an Aifrinn an 5/9/48.

Bhain an L.É.  Macha Nice amach Dé Sathairn an 4 Meán Fómhair áit ar chas an Leifteanant-Cheannasaí Thompson (Captaen an L.É. Macha) agus an Ceannasaí McKenna le hoifigigh de chuid na Fraince agus le Seán Murphy, Ambasadóir na hÉireann chun na Fraince.

An mhaidin dár gcionn, d'fhreastail an criú, a bhí roinnte ina dhá ghrúpa faire, ar an Aifreann ag 8am agus ag 9am.

Cliceáil ar na grianghraif chun tuilleadh íomhánna de Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann i Nice a fheiceáil.

Roquebrune

Garda Onóra as an bhFrainc ag Roquebrune

Ba i reilig Roquebrune, Mentone, ag breathnú amach ar an Meánmhuir a cuireadh Yeats. Ag 9.00am Dé Luain an 6 Meán Fómhair, chuaigh an tAmbasadóir Murphy agus an Ceannasaí McKenna chuig Roquebrune le freastal ar shearmanas reiligiúnach sular athraíodh a thaisí chuig Nice. Cuireadh bratach na hÉireann ar an gcónra agus bhí Garda Míleata de chuid na Fraince ar chaon taobh de. Thug file as an áit óráid spreagúil.

Bhí Garda Onóra Óglaigh na hÉireann roimh an tsochraid ar dheic uachtair an L.É. Macha. Chas an banna amhrán náisiúnta na Fraince agus Amhrán an bhFiann agus bhí Mionoifigeach ar garda le taobh an chónra, ag luí ar airm aisiompaithe, go dtí go raibh an L.É. Macha amuigh ar an bhfarraige.

Banna an 159ú Reisimint (Arm na Fraince) ar cheann na sochraide sa chalafort i Nice.
Logleabhar an L.É. Macha dar dáta an 6 Meán Fómhair 1948 ina bhfuil taifead de thaisí W.B. Yeats dul ar bord: