Giobráltar

To view more photographs of the L.E. Macha at Gibraltar click on the image
Ciondálacha á dtabhairt ar bord an L.É. Macha i nGiobráltar

Sheas  an L.É. Macha i nGiobráltar chun breosla agus soláthairtí a fháil ar an mbealach chuig Nice agus ar an mbealach ar ais. Ba í an chéad shoitheach de chuid na hÉireann í a feistíodh ann agus thug na hoifigigh cuairt ar dhaoine mór le rá a bhain leis an gcabhlach agus ar dhaoine sibhialta chomh maith le glacadh le cuairteanna ar bord freisin. Áirítear ar na daoine sin an Seanascal Anderson, Gobharnóir Ghiobráltar; an Seach-Aimiréal Brooking, Bratoifigeach an Chabhlaigh Ríoga i nGiobráltar; an tArd-Easpag an Dr Fitzgerald, Easpag Ghiobráltar agus an tUasal Roberts, Consal Mheiriceá a bhí lonnaithe ansin.

Bhí scriostóir de chuid na Breataine, an H.M.S. Childers sa chalafort agus thug mairnéalaigh na hÉireann agus mairnéalaigh na Breataine cuairteanna ar shoithí a chéile. Eagraíodh turais ar an 'gCarraig' do na fir, rud a spreag an Ceannasaí i gceannas McKenna a rá 'Tá na fir ag baint an-sult as. Tá fir na hÉireann san R.N.  (An Chabhlach Ríoga) ag taispeáint na háite dóibh.'

Cliceáil ar na híomhánna chun grianghraif de Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann a fheiceáil i nGiobráltar.

To view more images of the L.E. Macha in Gibraltar click on the photograph
Grúpa ar bord an L.É. Macha le linn chuairt a Thiarna Easpaig, an Sár-Oirmhinneach an Dr FitzGerald, Easpag Ghiobráltar. Ó Chlé go Deas: An tAth. Devlin, An Ceannasaí T. McKenna, A Thiarna
Grúpa ina n-áirítear oifigigh an H.M.S. Childers a tógadh ar bord an L.É. Macha