Taighde Acadúil sa Chartlann Mhíleata

De bharr gurb í an Chartlann Mhíleata an áit oifigiúil a gcuirtear taifid Óglaigh na hÉireann agus na Roinne Cosanta i dtaisce, tá an t-ábhar cartlainne atá sa Chartlann ina fianaise doiciméadach ar oidhreacht mhíleata Phoblacht na hÉireann.  Baineann an t-ábhar seo leis an tréimhse réabhlóideach, le bunú an Airm Náisiúnta, suas go dtí an lá atá inniu ann.

Is iad na taifid atá againn na taifid atá chomh tábhachtach céanna i gcónaí chun taifead a choinneáil ar Óglaigh na hÉireann in ainneoin imeacht na haimsire, a chuireann bealach ar fáil chun torthaí gníomhaíochtaí míleata agus ranna a mheas, agus chun cur go mór leis an eolas agus tuiscint atá ar na daoine, grúpaí agus imeachtaí laistigh d'Óglaigh na hÉireann agus den Roinn Cosanta agus a bhfuil baint acu leo.  Mar sin, is bunfhoinsí acadúla thar a bheith luachmhar iad na taifid sa Chartlann Mhíleata a mbíonn tóir ag réimse taighdeoirí orthu, idir dhaltaí Ardteistméireachta, thaighdeoirí iardhochtúireachta agus staraithe gairmiúla.

Ag tabhairt faoi Thaighde

Ní mór coinne a dhéanamh chun dul i mbun taighde agus bíonn suíochán ar fáil sa seomra léitheoireachta laistigh de sheachtain tar éis dul i dteagmháil linn.  Níl aon táille i gceist le cuairt a thabhairt ar an gCartlann Mhíleata.

Is i Seomra Léitheoireachta an Cheannfoirt Peter Young a éascaítear taighde sa Chartlann Mhíleata.  Cuirfear suíochán agus spás oibre ar fáil duit anseo chomh maith le soilse agus soicéid chumhachta.  Chomh maith leis sin beidh teacht agat ar an mbailiúchán de leabhair agus d'irisí atá againn ar réimse ábhar míleata, mar aon le teacht saor in aisce ar acmhainní éagsúla taighde ar líne.

Chun iarratais le féachaint ar chomhaid a éascú, tá sé tábhachtach go rachaidh taighdeoirí i dtaithí ar na huirlisí aimsithe ar dtús, a thugann sonraí tuairisciúla ar an ábhar atá le fáil i mbailiúchán ar bith chomh maith leis na cóid thagartha atá de dhíth chun iad a iarraidh.  Is féidir teacht ar chuid de na huirlisí aimsithe ar an láithreán gréasáin seo agus tá roinnt eile ar fáil ar chóip chrua sa seomra léitheoireachta.  Beidh an cartlannaí atá ar dualgas sásta treoir nó cúidiú a thabhairt duit chun na bailiúcháin is oiriúnaí do do réimse taighde a aimsiú. Is é an bealach is fearr chun teagmháil a dhéanamh leo ná ríomhphost a sheoladh.

Is féidir ábhar de chuid na Cartlainne Míleata a atáirgeadh chun críocha acadúla le cead an Oifigigh i gCeannas.

Is ábhar ollmhór atá sa Chartlann Míleata ó thaobh sonraí agus raon de agus is dócha go gcuirfidh sé athrú ó bhonn ar an taighde a dhéantar, agus an tuiscint atá againn ar iarrachtaí míleata na hÉireann le linn tréimhse na réabhlóide ó 1916 go 1923 chomh maith leis na fórsaí polaitíochta, sóisialta agus cultúrtha a bhí taobh thiar de. Áirítear ann freisin ábhar lán-léargais agus fíorthábhachtach faoi leagáid na réabhlóide agus faoin saol ina dhiaidh agus mar a chuaigh sé i bhfeidhm ar rannpháirtithe agus ar íospartaigh.

An tOll. Diarmaid Ferriter