Hugh Beckett

Post - Cartlannaí Sibhialta

Tá Hugh Beckett ina Cheann ar Bhainistíocht Bunachar Sonraí agus ar Thaifid Roinne agus tá sé ag obair sa Chartlann Mhíleata ó mhí na Bealtaine 2008. Bhain sé céim B.A. sa Tíreolaíocht (trí na hEolaíochtaí Nádúrtha) amach i TCD mar aon le hArd-Dioplóma i mBainistíocht Cartlann agus Taifead a bhaint amach i UCD. Áirítear ar fhreagrachtaí Hugh gnéithe a bhaineann le cothabháil an láithreáin gréasáin agus an fhreastalaí inmheánaigh agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu, chomh maith leis na bunachair sonraí a mbaineann foireann na cartlainne úsáid astu a chur le chéile, a chomhtháthú agus a bhainistiú. Díríonn sé freisin ar bhailiúcháin na Roinne Cosanta, Bhiúró na Staire Míleata, agus bhailiúcháin Leabharlann Allen a phróiseáil, chomh maith le cuidiú le taighdeoirí poiblí sa seomra léitheoireachta ar bhonn uainíochta le comhghleacaithe.