An Sáirsint David Kelly

Post - Bainisteoir Taifead

Tá an Sáirsint Kelly freagrach as taifid laistigh d'Óglaigh na hÉireann a bhfuil sé i gceist iad a chur sa Chartlann Mhíleata. Tá sé freagrach freisin as Sláinte agus Sábháilteacht, riarachán Aonaid, ceisteanna a thagann sa Phost agus cuidíonn sé leis na Cartlannaithe atá ar dualgas sa Seomra Léitheoireachta. Liostáil sé in Óglaigh na hÉireann in 1988. D'fhóin sé sa 2 Reisimint Airtléire Mhachaire agus sa 62ú Reisimint Airtléire Cúltaca ina dhiaidh sin sula ndeachaigh sé ag obair sa Chartlann Mhíleata in 2013. D'fhóin sé thar lear sa Liobáin agus sa Libéir. Bronnadh Deimhniú Gairme i mBainistíocht Taifead ó UCD air in 2015.